23 marbh in ionsaí an Talaban in Afganastáin

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh 21 duine ar a laghad nuair a d’ionsaigh buamadóir agus gunnadóirí de chuid an Talaban bialann Liobanach I gCabúl ar nós le heachtrannaigh dul ann. Ba Afganaigh bunús iad sin a maraíodh nuair a d’ionsaigh buamadóir féinmharfach gardaí ag tosach an fhoirgnimh. Lean beirt ghunnadóir den ionsaí agus b’iad a mharaigh bunús na ndaoine sa bhialann sular maraíodh iad féin. Bhí ionadaí an IMF san Afganastáin, triúr oibrí leis na Náisiúin Aontaithe, beirt Mheiriceánach, Danmhargach Ceandach, agus iarshaighdiúir in arm na Breataine a raibh cónaí air I gContae Dhoire ar an 13 eachtrannach a maraíodh. Deir an Talaban gur seo comhartha eie go bhfuil siad ag teacht I dtreis agus go dtiocfaidh siad I réim nuair a imeoidh fórsaí armtha an Iarthair as an tír ag deireadh na bliana seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 06:51:43

Admin/login Comments RSS

ILBF