2,000 marbh in ionsaithe le buamaí i mbairille in Aleppo i mbliana

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar leis an ghrúpa Syrian Observatory for Human Rights gur mharaigh buamaí i mbairille beagnach 2,000 duine i gcathair Aleppo ó thús na bliana seo. Bíonn aerfhórsa na Siria ag caitheamh na mbuamaí scun scan amach as heileacaptair agus gan cinnteacht ann cén áit a thitfidh siad go díreach nó cé a marófar nuair a phléascfaidh siad. Agus thug an grúpa Syrian Observatory for Human Rights le fios gur mharaigh trodairí frithrialtais de chuid ISIS, grúpa Ioslamach, cúigear Coirdíneach déag nuair a ghabh siad smacht ar bhaile in oirthuaisceart na tíre. Bhí seachtar páiste orthu sin a maraíodh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive