23 Palaistíneach marbh, na scórtha goraithe, Iosrael is Hamas ar an ionsaí

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Mharaigh aerfhórsa cabhlach is arm Iosrael corradh is 20 Palaistíneach in ionsaithe inniu ar an Straic Gaza agus ar bhuíon de chuid Hamas a rinne a mbealach, ón fharraige, isteach in Iosrael. Ba trodairí Hamas tuairim is leathchuid de na marbh ach ba shibhialtaigh Palaistíneachina an chuid eile, go leor páiste ina measc. Anocht maraíodh ceannaire de chuid an Islamic Jihad agus cúigear ball dá chlann nuair a scrios eitleáin Iosrael a dteach. Agus bhí seachtar sibhialtach ar a laghad orthu sin a maraíodh aréir nuair a scaoil eitleán F16 diúracán ar theach in Gaza i ndiaidh dóibh ‘scairt gutháin a dhéanamh ar bhean an tí agus a rá léi go raibh siad chun diúracán a chaitheamh ar an teach gan mhoill.’ Is nós é a chleachtaíonn Iosrael in amanna, scairteann siad ar theach nó tithe le cur in iúl do dhaoine ann go marófar iad mura dteitheann siad ón teach gan mhoill. Chaith Hamas agus grúpa eile sa Straice Gaza breis agus 100 raicéid isteach in Iosrael. Anocht scaoileadh roinnt raicéid ar Tel Aviv agus ar Iarúsailéim agus tá na mílte saighdiúirí cúltaca ag Iosrael réidh ar theorainn Gaza chun ionradh a dhéanamh ar an cheantar. Deir Benjamin Netenyahu nach oibríocht roinnt laethanta a bheidh i gceist má dhéanann siad ionradh. Deir Mahmoud Abbas go bhfuil sé ag iarraidh ar cheannairí idirnáisiúnta tabhairt ar Iosrael éirí as a bheith ag ionsaí Gaza agus a pobal. Ach dúirt Meiriceá is an Ghearmáin go bhfuil an ceart ag Iosrael í féin a chosaint ó lucht scaoilte raicéid.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 16:38:57

Admin/login Comments RSS

ILBF