20 marbh in aer ionsaí in Gaza, 10 trodaire Hamas marbh i gcaismirtí in Iosrael

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Iosrael gur mharaigh siad deichniúr trodaire de chuid Hamas inniu nuair a tháinig siad isteach in Iosrael ó dhá thollán. Dar le harm Iosrael go raibh sé ar intinn ag na buíonta seo sibhialtaigh a ionsaí ach i gcás amháin tuigtear go ndearna siad luíochán ar phatról de chuid arm Iosrael agus gur maraíodh iad agus iad ag iarraidh teitheadh ar ais in Gaza tríd tollann. Maraíodh an líon eile gunnadóirí nuair a bhuamáil eitleán de chuid Iosrael iad ag teacht amach as tollann ar thaobh Iosrael den teorainn le Gaza.

Go luath ar maidin maraíodh scór duine nuair a leag buama ó scairdeitleán Iosraelach teach in Khan Yunis. Mhair beirt beo ón ionsaí agus tá cuardach ar siúil sa smionagar do choirp nó do dhaoine eile. Tá os cionn 510 Palaistíneach marbh anois sa chogaíocht atá ag dul le dhá sheachtain anois.

Aréir thug Bhan Ki Moon ‘atrocious’ ar ionsaí Iosrael ar Shejaia , bruachbhaile de chuid Gaza a maraíodh tuairim is 70 Palaistíneach ann, sibhialtaigh a bhformhór. Tá Bhan Ki Moon sa reigiúin ó bhí an Domhnach ann agus é ag bualadh le Qater, Iosrael, an Éigipt, Mahmoud Abbas agus idirghabhálaithe éagsúla féacháil le teacht ar chomhréiteach a chuirfeadh sos cogaidh ar bun.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-20 22:13:10

Admin/login Comments RSS

ILBF