17 páiste, 14 bean ar na mairbh i gceantar Shuja’iyya in Gaza

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le lucht leighis in Gaza go raibh go dtí seo 17 páiste agus 14 bean ar an 50 corp nó mar sin a tugadh amach as ceantar Shuja’iyya  ar maidin. Fógraíodh sos cogaidh dhá uair a chloig ag am lóin ach thit an tóin as taobh istigh de tamall gearr agus thosaigh an chogaíocht arís. Meastar gur mhó i bhfad ná 50 duine a maraíodh aréir, a mbunús san ionsaí airtléire a rinne Iosrael ar an cheantar ar feadh na huaireanta a chloig. Dar le harm Iosrael gur mharaigh siad tuairim is 130 ‘sceimhlitheoir’ in Gaza ó thosaigh siad ar a n-ionsaí ach níor thagair siad do shibhialtaigh a maraíodh ach amháin chun a dhearbhú nach mbíonn siad ag iarraidh sibhialtaigh a mharú.

Shuja’iyya in Gaza
Shuja’iyya in Gaza

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 01:33:23

Admin/login Comments RSS

ILBF