150 marbh in ionsaithe ‘buamaí-bairille’ arm na Siria

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh 150 duine ar laghad i sraith d’ionsaithe le ‘buamaí-bairille’ a rinne saighdiúirí arm na Siria ar cheantar Hanano in Aleppo dar le lucht éirí amach agus roinnt breathnóirí ón taobh amuigh. Dar leo gur caitheadh buamaí amach as heileacapatair de chuid an airm ar bhonn rialta le trí lá anuas. Orthu sin a maraíodh bhí go leor páistí. Sibhialtaigh bunús acu sin a maraíodh dar leo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 15:53:38

Admin/login Comments RSS

ILBF