130,000 duine páirteach i léirsiú na mBascach

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

BduKRFNIgAEfU-hBhí suas le 130,000 páirteach inniu I léirsiú I mBilbo na mBascach in ainneoin údaráis na Spáinne cosc a chur ar an imeacht. Den chéad uair thacaigh an PNV , páirtí polaitiúíl a sheas riamh I gcoinne ETA , leis an mhórshiúil agus iad ag éileamh athrú polasaí ó rialtas na Spáinne maidir leis na céadta cime Bascach atá faoi ghlas sa Spáinn agus sa Fhrainc. Sortu. páirtí comhaontaithe den eite chlé/náisiúnaigh/scarúnaithe a bhí ar eagraithe eile an imeachta. Dhiúltaigh rialtas na Spáinne scun scan go dtí seo oiread is orlach a gheilleadh ar cheist na gcimí seo in ainneoin ETA, cimí Bascacha  agus scarúnaithe Bascacha a bheith ag tionscnamh beartais tógáil muiníne le tamall anuas agus ag iarraidh próiseas síochána a bhrú chun tosaigh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 18:14:42

Admin/login Comments RSS

ILBF