140+ marbh in ionsaí an Talaban ar scoil sa Phacastáin – 132 páistí ina measc

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir na húdaráis sa Phacastáin gur maraíodh 141 duine ar a laghad, arbh pháistí iad 132 duine acu, in ionsaí de chuid an Talaban ar maidin ar scoil i Peshawar.  Maraíodh an seisear ionsaitheoir i ndiaidh do saighdiúirí dul i mbun catha leo.  Bhí an t-ionsaí i scoil atá faoi cheannas arm na tíre agus go leor páistí le saighdiúirí ag fáil oideachais ann. Deir an Talaban gur díoltas a bhí ann as na hoibríochtaí is ionsaithe a rinne arm na Pacastáine ar an Talaban is a dtacaithe in Waziristan Thuaidh. Gortaíodh os cionn 100 duine. Bhí tuairim is 1,100 páiste ag an scoil agus na scórtha múinteoir. Bhí seo ar na hionsaithe is measa a rinne an Talaban sa tír agus de thairbhe páistí a bheith ina dtargaid is amhlaidh is measa an deistín a chuir sé ar ghnáthdhaoine. Dar le hurlabhraí leis an Talaban gur ordaíodh do na hionsaitheoirí, seisear fear, na daltaí is sine sa scoil a mharú ach gan baint de na daltaí is óige. De ghhnáth bíonn drogall ar pholaiteoirí áirithe tacú leis an arm ach meastar go dtiocfaidh ré nua sa chogadh i gcoinne an Talaban mar gheall ar shléacht an lae inniu agus an deistín a chuir sé ar bhunús mór daoine sa tír agus fud na cruinne.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-22 03:41:18

Admin/login Comments RSS

ILBF