125 marbh i ruathair arm na Siria ar Aleppo

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tuairiscítear gur maraíodh 125 duine ar a laghad nuair a d’ionsaigh arm na Siria ceantracha in Aleppo atá faoi smacht lucht éirí amach. Tá eolas teoranta faoinar tharla ach de réir roinnt de na tuairiscithe go raibh ionsaithe comhordnaithe ann, ionsaithe airtléire agus ansin roinnt ionsaithe le buama a caitheadh amach as heileacaptair. Maítear gur maraíodh na scórtha páiste sna hionsaithe. Tá arm na Siria i ndiaidh athghabháil roinnt bailte agus ceantracha cóngarach do Aleppo agus tá siad i rith an ama ag déanamh réidh do mhór ionsaí ar an chathair féin. Tá an chathair, dara cathair na Siria, roinnte ina dhá chuid, cuid de faoi smacht an rialtais, cuid de faoi smacht ag lucht éirí amach. Tuairiscíodh gur maraíodh suas le 30 duine, sibhialtaigh don chuid is mó, nuair a d’ionsaigh lucht éirí amach Adra, baile faoi chóngar don Damáisc an tseachtain seo caite. Tá suas le 130,000 duine marbh i dtrodaíocht na Siria agus tá grúpaí antoisceacha Ioslamacha ag fáil an lámh in uachtar anois sna fórsaí atá ag troid i gcoinne Bashar al Assad agus a arm. Tá trodairí de chuid Hezbollah ag imirt ról lárnach sa trodaíocht le fórsaí Assad i roinnt bailte, go háirithe in oirthear na tíre agus in Aleppo.

Inné bhunaigh na Náisiúin Aontaithe achainí idirnáisiúnta éigeandála féacháil le $6.5 billiún a bhailiú chun cuidiú le pobal na Siria agus leis na tíortha faoi chóngar a bhfuil teifigh ag plódú isteach ann.

Agus inniu thug urlabhraí le Roinn Stáit Mheiriceá le fios gur seans go mbuailfidh oifigeach sinsearach an tseachtain seo le hionadaithe an Fronta Ioslamach in Siria. An tseachtain seo caite ghabh an Fronta go leor beairicí is ionaid de chuid Arm Saoirse na Siria.

Inné dúirt John Kerry go bhfuil ag éirí go maith le Al Qaeda in Siria agus go bhfuil cuid mhór reigiúin sa tír atá anois ina bunáiteanna ag Al Qaeda.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 22:27:12

Admin/login Comments RSS

ILBF