12 duine marbh i sléacht i bPáras

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh dáréag ar a laghad nuair a d’ionsaigh triúr gunnadóir oifigí na hirise aoir, Charlie Hebdo, i bPáras inniu. Meastar gur antoiscigh Ioslamacha a bhí freagrach as an sléacht. Bhí ceathrar cartúnaí orthu sin a maraíodh. D’éalaigh triúr gunnadóir ón láthair ach tá na péas fud Pháras sa tóir orthu anois. Tá cúigear acu sin a gortaíodh gortaithe go dona. Tuigtear go raibh raidhfilí Kalashnikov in úsáid ag na gunnadóirí agus teiligeoir raicead RPG acu lena chois. Bhí ochtar iriseoir ar na maibh. Tharla an t-ionsaí agus cruinniú eagarthóireachta ag dul ar aghaidh. Anocht tá na mílte páirteach i mórshlógadh i bPáras agus tá léirsithe ollmhóra beartaithe don phríomhchathair agus do chathracha eile fud na tíre amárach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 08:35:28

Admin/login Comments RSS

ILBF