12-16 marbh i gcíréibí is léirsithe Coirdíneacha sa Tuirc

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá tuairisc gur maraíodh os cionn dáréag agus suas le seisear déag nuair a tharla caismirtí is círéibí ag léirsithe a reáchtáladh i mbaile is cathracha fud na Tuirce aréir chun brú ar an rialtas ansin tacú le pobal Kobane agus iad ag iarraidh fórsaí an Stáit Ioslamaigh a ruaig amach an bhaile. Tharla na caismirtí is fíochmhaire i gcathair Diyarbakir, an chathair Choirdíneach is mó in oirdheisceart na tíre. Cuireadh cuirfiú ar bun sa chathair ó shin. Tá rialtas na Tuirce maíte ar gan chuidiú le trodairí Coirdíneacha in Kobane mar go measann siad go bhfuil siad ar aon taobh leis an PKK, an grúpa scarúnach Coirdíneach sa Tuirc, a throid cogadh ar feadh breis is 30 bliain ar son neamhspleáchas do Choirdínigh na Tuirce. Tá sos cogaidh i bhfeidhm i láthair na huaire ach tá nimh san fheoil ag an dá dhream ar a chéile i gcónaí. Lena chois sin tá an Tuirc ag iarraidh ar an Iarthar díriú ar an chogadh i gcoinne Bashar Al Assad oiread is atá siad ag díriú ar an troid leis an Stát Ioslamach. Agus tá aird acu i gcónaí ar an dóigh a bhfuil cúrsaí cogaidh in Siria ceangailte go docht le suimeanna na dtíortha éagsúla atá páirteach ann, tíortha an Iarthair agus a gcuid cuspóirí is suimeanna siúd, an Rúis, an Iaráin agus na tíortha Shia, an Araib Shadach agus na tíortha Sunni, agus an iliomad grúpa a bhfeiceann faill eacnamaíochta (díol arm, fáil ola) sa chogadh mar aon le seans chun cur lena stádas. Ní dócha go dtógfaidh an Tuirc ról níos gníomhaí san Siria in eagmais páirtíocht níos mó ag an Iarthar ann agus go fiú ansin ní léir cé chomh dáiríre is a bheidh siad nó tá an Siria mar a bheadh portach ann, é ag slogadh daoine is airm agus nach féidir talamh tirim a dhéanamh de in ainneoin gach iarrachta. Tá breis agus milliún teifeach ón Siria imithe isteach sa Tuirc cheana féin agus ní bheadh de thoradh ar an Tuirc a bheith páirteach sa chogadh, dar le go leor, ná níos mó teifeach agus páirtíocht na mblianta ag an Tuirc i gcogadh nach dtig le haon dream baint.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-28 03:58:05

Admin/login Comments RSS

ILBF