11 duine marbh i ndiaidh do phéas scaoileadh ar léirsitheoirí san Éigipt

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Duine déag ar a laghad a maraíodh nuair a scaoil péas is saighdiúirí na hÉigipte ar léirsitheoiirí I roinnt cathracha is bailte fud na tíre. Bhí na léirsitheoirí ag cur I gcoinne gabháil cumhachta an airm I mí Mheithimh na bliana seo agus na polasaithe smachtaithe atá ar bun ag an junta san Éigipt ó shin. Coicís ó shin d’fhógair an rialtas gur eagras sceimhle é an Braithreachas Moslamach agus lean leo ag cur daoine faoi ghlas agus ag smachtú tuairimí nach bhfuil ag teacht le seasamh an rialtais. Cé gur mhaígh an rialtas gur maraíodh duine déag inniu deir lucht an Bhraithreachais gur maraíodh I bhfad níos mó daoine ná sin in eachtra an lae inniu.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-21 00:57:29

Admin/login Comments RSS

ILBF