1 milliún teifeach ón Siria sa Liobáin

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá ar a laghad milliún teifeach ón Siria ag cur fúthu anois sa Liobáin. Is é seo an líon teifeach atá cláraithe go hoifigiúil leis na Náisiúin Aontaithe agus meastar gur mhó arís an fígiúr nuair a chuirtear san áireamh teifigh nár chláraigh leis na Náisiúin Aontaithe. Meastar go bhfuil leathchuid de dhaonra 9.5 milliún na Siria i ndiaidh teitheadh óna dtithe mar gheall ar an chogaíocht atá ag dul anois le trí bliana. Níl figiúirí cruinn ann ach síltear go bhfuil 2.5 milliún acu i ndiaidh imeacht ón tír, scair mhór acu isteach san Liobáin. Tá seo ag imirt tionchar mór ar shaol na Liobáine agus tá ardteannas go háirithe sna ceantracha le taobh teorainn na Siria. De réir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil an líon teifeach atá ag dul isteach sa Liobáin ón Siria ag méadú seachas a mhalairt agus go bhfuil teifeach ag teacht isteach sa tír ón Siria achan uile bomaite.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 04:37:58

Admin/login Comments RSS

ILBF