Yanukovych – ‘bagairtí báis a thug orm imeacht ón Úcráin’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an fear a bhí i gceannas ar an Úcráin go dtí seachtain ó shin go dtroidfidh sé ar son na tíre agus chun an rialtas eatramhach atá bunaithe i gCív a chur as cumhacht. Thug Viktor Yanukovych a chéad phreas ócáid ó theith sé ón Úcráin sa Rúis, sa chzathair Rostov-on-Don inniu agus feadh an agallaimh cháin sé an rialtas eatramhach i gCív, thug le fios gur mhaith leis teacht ar ais i gcumhacht. Dar leis gur theith sé n Úcráin cionn is bagairtí óna naimhde go marófaí é ach mhol do dhaoine gan dul i mbun an fhornirt agus gan an tír a dheighilt. Mhol sé dá lucht tacaíochta gan páirt a ghlacadh sa toghchán atá á beartú don Úcráin ar 25 Bealtaine. Ach chuimhnigh sé fosta do dhaoine gan dul i mbun an fhornirt ach ligean dó an plean a aontaíodh leis an Aontas Eorpach a chur i gcrích.  Is léir leis an phreasócáid agus le gabháil aerfoirt san Chrimé aréir ag fir armtha gan aithne go bhfuil an Rúis agus lucht a dtacaíochta maíte ar gan ligean don rialtas nua i gCív feidhmiú mar a bheadh gnáthrialtas ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:17:35

Admin/login Comments RSS

ILBF