‘We’re not leaving Galway’ – léiriú in Ollscoil na hÉireann Gaillimh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

“Taispeáint gearrscannáin meabhairsláinte a eagrú ag We’re Not Leaving Galway/ Níl muig ag Fágail Gaillimh Beidh roinnt gearrscannáin ag baint le meabhairsláinte an óige a thaispeáint ag We’re Not Leaving Galway an Chéadaoin seo, an 5ú lá d’Feabhra in amharclann Kirwan in Ollscoil na h’Éireann Gaillimh. Tar éis an taispeáintas beidh fóram ann, áit a mbeidh daoine óga in ann a cuid taithí féin a roinnt gan eagla ar bith faoi breithiúnas. Mar páirt don díospóireacht beidh cainteoirí ag labhairt faoin feachtas atá ar siúil chun an aonad in Ospidéal Naomh Bríd i mBeál Átha na Sluaighe a shábháil agus an ionad andúil i bPáirc Meirliúin i gcathair na Gaillimhe. Faoi láthair tá cuma ar go mbeidh ar an dá ionad le dúnadh mar gheall ar déine rialtas. Cuirfidh seo tuilleadh brú ar Ospidéil na hOllscoile Gaillimh. Dúirt ball ó We’re Not Leaving Galway: ‘Mar gheall ar an easpa fostaíocht, an costas ardaitheach ar oideachas agus an mothúchán ginearálta de coimhthiú i measc an óige tá ardú i fadhbanna meabhairsláinte i measc an óige i nGaillimh. Tá conaí orainn i sochaí áit a mbíonn sé an-deacair daofa seo atá ag déileáil le dúlagar agus fadhbanna cosúil leis labhairt faoi na rudaí atá muid ag dhul fríd. Tá sé aitheanta ag We’re Not Leaving Galway gur fadhbanna meabhairsláinte ceann do na príomh tosca brú atá ag bainnt le eisimirce fórsáilte. Caithfidh muid seasamh le chéile, mar óige na Gaillimhe chun stiogma na meabhairsláinte a bhriseadh.’ Is feachtas náisiúnach, óige, in éadan déine atá in We’re Not Leaving. Dírigheann siad isteach ar fadhbanna meabhairsláinte, obair éagobhsaí, ardú taillí agus gearradh deontais, tithíocht, dífhostaíocht an óige, cultúr intéirneachtaí agus eisimirce fórsáilte. Creideann an grúpa gur cheart go mbeadh seirbhísí meabhairshláinte poiblí do ardchaighdeáin ar fáil saor in aisce do achan dhuine. Creideann siad fosta gur cheart go mbeadh cur chuige sóisialta i dtaca le athrú a dheanamh ar an dóigh a fheiceann daoine eisiúintí meabhairshláinte. Éilíonn an grúpa fréisin go mbeidh cur chun cinn ar meabhairshláinte dearfach sa phobal, san áit oibre agus sa chóras oideachas, agus iarann siad aitheantas don tionchar a bhíonn ag obair éagobhsaí, cultúr intéirneachtaí, dífhostaíocht agus bochtanas ar meabhairshláinte daoine óga in Éireann.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive