Vótálann Seanadóirí Pháirtí an Lucht Oibre i gcoinne an rialtais

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Den chéad uair ó bunaíodh an comhrialtas tá Seanadóirí Pháirtí an Lucht Oibre i ndiaidh vótáil i gcoinne a rialtais féin. Vótáil siad leis an fhreasúra nuair a cuireadh rún chun tosaigh ag Fianna Fáil go mbeadh ullmhúchán ann chun go mbeadh reifreann maidir le Uisce Éireann a choinneáil i seilbh an phobail go deo. Bhí vóta 37 go 15 ar son an rúin agus fágann an vóta mearbhall níos mó ná riamh ar Pháirtí an lucht Oibre agus a lucht tacaíocht agus fágann sé Fine Gael níos scartha amach ná riamh. Inniu chuir an Taoiseach in iúl arís go raibh Joan Burton ag nochtú tuairim phearsanta aréir nuair a luaigh sí €200 mar tháille do chlann ceathrar agus thug sé le fios go bhfuiltear ag déanamh a ndícheall chun go mbeadh bisiú ar an dóigh a bhfuil Uisce Éireann i mbun cumarsáide leis an phobal. Dúirt Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin áfach nach laigí i gcúrsaí cumarsáide is cúis leis an phobal a bheith ag éirí amach i gcoinne táillí uisce.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:25:33

Admin/login Comments RSS

ILBF