Uncail Séan, an Bolshevik – TG4 8pm Dé Sathairn 3 Bealtaine

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Uncail Séan – an Bolshevik
TG4 8.00 in Dé Sathairn, 3 Bealtaine 2014

Agus é ag fás aníos níor chuala Fionntán Mac Giolla Chiaráin ach corrscéal fánach faoi uncail a athair, Seán Murray, a bhí ina oifigeach san IRA le linn Chogadh na Saoirse in Éirinn. Is le fíorghairid a d’fhoghlaim sé faoin ról lárnach a bhí ag Murray i ngluaiseacht an tsóisialachais in Éirinn agus san eagraíocht domhanda an tIdirnáisiúntas Cumannach, an Comintern.
Sa chlár faisnéise seo do TG4, leanann Fionntán lorg a sheanuncail. Turas é a thugann é ó ghabháltas beag i nGlinntí Aontroma go duganna Ghlas Chú agus Londan sna 1920í; ó shaol na hollscoile I Moscó i 1930 go ceannaireacht Pháirtí Cumannach na hÉireann le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.
Sna 1920í agus sna 1930í nuair a bhí Murray anonn agus anall go Moscó, bhí an géilleagar domhanda titithe as a chéile agus bhí oibrithe ar fud na cruinne ar éileamh a gceart. Tá go leor de na ceisteanna céanna beo go fóill agus Fionntán ag taisteal fríd Éirinn agus an Rúis. Tugann léirsithe in éadán an G8 i mBéal Feirste agus in Inis Ceithleann comhthéacs dá thuras.

Is léiriú é Uncail Seán, an Bolshevik de chuid Macha Media do TG4, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-06-29 03:02:08

Admin/login Comments RSS

ILBF