Uisce Éireann chun $86 a chaitheamh ar chomhairleoireacht srl

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Thug Uisce Éireann le fios i ndoiciméid a cuireadh i láthair an Choiste Oireachtais ar Thimpeallacht inniu go gcaithfidh siad suas le €85m , agus b’fhéidir níos mó ná sin, ar seirbhísí comhairleoireachta, ar sheirbhísí dlí, agus ar chonartheoirífaoi deireadh 2015. Ar na costais a luadh go dtí seo gheobhaidh an comhlacht IBM €44.8 milliún as a seirbhísí, gheobhaidh Accenture €17.2 milliún, Ernst & Young €4.6 million agus KPMG €2.2 milliún. Caithfear €13.3 milliún sa bhreis air sin chun íoc as 18 conraitheoirí eile a fostaíodh chun tacú le hobair na mórsolaithreoirí.

San iomlán mar sin caithfidh Uisce Éireann €85.97m ar chomhairleoireacht, conraitheoirí agus comhairle dlí mar chuid den bhuiséad €150m a cuireadh ar leataobh idir Aibreán 2012 agus Aibreán 2015 chun an comhlacht a bhunú. Tá ciste cúltaca de €30m ar fáil lena chois.

Agus é ag caint leis an Choiste Oireachtais inniu dearfaidh Cathaoirleach Uisce Éireann John Tierney, go mbeidh sábhailt airgid de €2 billiún don Státchiste in aghaidh na bliana mar gheall ar an chóras nua ó 2021 ar aghaidh mar aon le seirbhís soláthar uisce d’ardchaighdeán.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-21 05:45:09

Admin/login Comments RSS

ILBF