Uasdatú ó na toghcháin – Jim Higgins, Emer Costello as an áireamh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an chéad chomháireamh  i mBaile Átha Cliath don toghchán Eorpach ionann is réidh ag an RDS ach ní féidir aon rud a fhógairt roimh 10.00, am a thagann an vótáil san Iodáil chun críche.Ach tá an comháireamh i Lár Tíre/Thuaidh/Thiar ag dul i bhfad níos fadalaí agus thiocfadh dó nach bhfógrófar líonadh an chéad suíocháin go dtí tráthnóna amárach.

 

Deir an Taoiseach go mbeidh sé deacair ag Jim Higgins a shuíochán Eorpach a choinneáil. Ghabh sé buíochas leis as an seirbhís a rinne sé don tír.

Tá an líon vótóirí a chaith vóta i dtoghchán na hEorpa sna 26 Chontae níos ísle ná mar a bhí in 2009 ach tá an líon vótóirí i roinnt tíortha eile méadaithe.

I lár tráthnóna sa Fhrainc bhí 35% de vótóirí i ndiaidh vótáil i gcomparáid le 33% ag an am céanna an t0-am deireanach.  Sa Ghearmáin bhí ráta 25.6%, i gcomparáid le 20.2% an t-am deireanach. Bhí ardú nach beag sa Chróit agus ardú beag sa Phortaingéil ach is ar éigean gur vótáil 20% de vótóirí i bPoblacht na Seice inné

Chaith 19.6% de vótóirí sa Slovaic a vóta an t-am deireanach.

 

Deir iarrthóir Eorpach Pháirtí an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath, Emer Costello, gur dócha, ag cur san áireamh na tuairiscithe atá faigthe aici ó lucht tally agus pobalbhreitheanna a rinneadh i ndiaidh na vótála gur dócha nach mbainfidh sí suíochán Eorpach. Údar díoma di deir sí an titim ollmhór ar vóta Pháirtí an Lucht Oibre agus mhaígh sí gur bhain sé cuid mhór le vóta agóide.

 

An Seanadóir Averil Power, Fianna Fáil, ag maíomh gur toghadh roinnt comhairleoirí iontacha nua ag an pháirtí sa phríomhchathair ach go bhfuil an vóta a fuair FF i nDún Laoghaire agus i bhFionn Gal mórán ar aon dul leis an vóta céad rogha a bhain siad in 2009 ach go bhfuil a vóta céad rogha i gcathair Bhaile Átha

18.45 – an scéal reatha

 

FG 139 suíochán – FF – 177 – Páirtí an Lucht Oibre 41 – Sinn Féin 129 – Eile 166 suíochán

 

Deir an Teachta Dála le Páirtí an Lucht Oibre Michael Mc Namara gur léir gur chlis ar bhinse tosaigh an pháirtí agus iad i rialtas. Darleis gur ghá do bhinse tosaigh an pháirtí imeacht, seachas Brendan Howlin, nó dar leis go bhfuil cuma caite spionta orthu agus go bhfuil siad as teagmháil leo sin a thogh iad ag an toghchán deireanach.

 

Tá comháireamh na vótaí i dtoghchán na hEorpa ag dul ar aghaidh ó bhí luath tráthnóna ann sna 26 Chontae agus tosóidh sé ó thuaidh maidin amárach. Measann lucht comháirimh i LárTíre/Thuaidh/Theas go mbeidh sé go maith isteach sa lá amárach sula mbeidh an chéad suíochán líonta agus gur dócha go leanfaidh an cuntas isteach sa chéad lá eile, Dé Máirt.

 

 

16.00 – an staid reatha, agus 532 suíochán socruithe

 

 

Fianna Fáil 143, Eile / Neamhspleácaigh 140, Fine Gael 107, Sinn Féin, 110, Páirtí an Lucht Oibre, 32,

 

Deir Luke Flanigan go dtiocfadh le hiarrthóirí Neamhspleácha 12 suíochán Dála breise a bhaint amach anseo má fíor don tuar RTÉ go saothróidh sé tuairim is 150,000 vóta céad rogha i dtoghchán na hEorpa.Is ionann sin, dar leis, agus 12 cuóta Dála.

 

Ciarán Cuffe ar ais an iarraidh seo mar chomhairleoir seachas mar Aire de chuid an Chomhaontais Ghlais

 

Meánlae – agus 429 suíochán Comhairle socruithe is é an líon comhairleoirí mar seo a leanas, FG 86, FF 111, Páirtí an Lucht Oibre , 22, SF 101, Neamhspleácaigh / Eile, 101.

Tá dreim le hardú as cuimse ar líon comhairleoirí Fhine Gael inniu agus dóchas lena chois ag Fianna Fáil go mbeidh an líon is mó comhairleoirí acu ag deireadh, cá nach bhfuil sin cinnte ná baol air go fóill.

 

 

Beidh 28 bean ina dTeachtaí Dála i ndiaidh do Ruth Coppinger (An Páirtí Sóisialach) agus Gabreille Mc Fadden (FG) an dá fhothoghchán a bhaint.

Tá an iarTheachta den Chomhaontas Glas, Paul Nicholas Gogarty (Neamhspleách) tofa ina chomhairleoir i gContae Átha Cliath Theas

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 04:37:57

Admin/login Comments RSS

ILBF