Uasdatú i dtoghchán na gComhairlí ó thuaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

21.55    Aoine- DUP 47- SF 36- UUP 38- SDLP 22- Páirtí an Chomhaontais 9 – Eile – 17

 

 

20.00 Aoine -  DUP 34 – SF 29 UUP 27 – SDLP 11- Páirtí an Chomhaontais 7 – Eile – 10

 

462 suíochán ar fáil

 

 

 

Tofa do Shinn Féin i Lár Uladh – Joe O’ Neill, Sinn Féin

10 tofa as 60 comhairleoir i mBéal Feirste go dtí seo.

Máirtín Ó Muilleoir, Michael Long, fear chéile Naomi Long, Billy Hutchinson, agus Mary Ann Campbell, Sinn Féin, a bhí orthu sin a bhí ar bharr an liosta ar an chéad chomháireamh ina dtoghcheantar féin. Deir Naomi Long go mbréagnaíonn seo an chaint ar fad faoin diothú a dhéanfaí ar Pháirtí an Chomhaontais i mBéal Feirste mar gheall ar a seasamh faoi cheist na mbratacha.

 

Bhí Henry Reilly ó UKIP ar an bharr ag deireadh an chéad chomháireamh i Mourne, le 1,964 vóta céad rogha. 1,359 an cuóta. Bhain an dara iarrthóir de chuid UKIP, suíochán i gCarraig Fheargais.

 

Rinneadh Dermot Curran a atoghadh in Iúr/Morn/Dún don SDLP. Is faide ina chomhairleoir é ná aon chomhairleoir eile sna Sé Chontae.

 

 

Dreim le 16 suíochán do Shinn Féin i nDoire/Srath Bán. Bhí dreim ag an SDLP leis go mbeadh triúr déag acu ach anois iad ag dreim le 10 gcomhairleoir. Drochlá é don SDLP i nDoire deir Mark Durkan.

 

Deir Jeffrey Donaldson go bhfuil siadsan muiníneach go dtig leo 20 suiochán a bhaint ar shárchomhairle nua Lios na gCearrbhach/An Caisleán Riabhach. Tá Sinn Féin ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh i danamh. Tír Eoghain ach glactar leis go mbeidh sé millteanach deacair acu sin a dhé

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 10:04:11

Admin/login Comments RSS

ILBF