Tús torthúil leis an Aibreán le cnuasach duaiseanna do TG4

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tús torthúil leis an Aibreán le cnuasach duaiseanna TG4

 

 

Bhuaigh cláir a choimisiúnaigh TG4 mór-dhuaiseanna go leor sa mbaile agus i gcéin sna laethanta beaga ag tús na míosa seo. Thug léiritheoirí an chainéil trí dhealbh IFTA 2014 abhaile leo ón searmanas i mBaile Átha Cliath san oíche Dé Sathairn agus iad sna sála ar an dá Thorc a thug TG4 leis ó Fhéile na Meán Ceilteach 2014 i bPort Ia (St Ives) i gCorn na Breataine díreach roimhe sin. Cláir ómóis agus cuimhneacháin ar mhór-phearsain a bhásaigh le gairid ab ea péire de na duaiseanna IFTA a bhuaigh TG4 i mbliana. Ba ar an gclár Imeall – Séamus Heaney, a léirigh Red Shoe Productions, a bronnadh an duais don Chlár Fíorasach is Fearr. Léargas ar phearsa spóirt agus ar a sheasamh i measc a mhuintire féin is ea Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste, léiriú le Magamedia, a bhuaigh an IFTA don chlár Spóirt is Fearr. Is ar an gclár staire 1916 Seachtar Dearmadta a bronnadh Duais na Gaeilge, an tríú bliain as a chéile gradam IFTA a bheith buaite ag an léiritheoir, Abú Media. Fuair an léiriú seo tacaíocht ó Udarás Craolacháin na hÉireann. Cúpla lá roimhe sin, thug TG4 dhá mhór-dhuais leis ó Fhéile na Meán Ceilteach 2014 i gCorn na Breataine. Bronnadh an Torc don Chlár Spóirt is Fearr an gclár Croí Trodach, scéal agus éachtaí Johnny Kilbane, dornálaí de bhunadh Acla, a rugadh i gCleveland na Stát Aontaithe in 1889, léirithe ag an gcomhlacht neamhspleách Midas. Ag an bhFéile chéanna, bronnadh an duais do Dhaoine Óga ar chlár eile le TG4, Ponydance: An Scannán, léiriú le Doris/Magee le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Ní nach ionadh, tá Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, thar a bheith sásta leis an gcnuasach duaiseanna seo le seachtain. ” Is breá linn ar fad duais a bhuachan, ” a deir sé “ach is cinnte go mbíonn blas níos fearr fós uirthi nuair atá sí buaite in iomaíocht dhíreach le scoth an tsaothair i mBéarla agus i dteangacha eile, faoi mar a tharla arís ag IFTA agus ag an Fhéile Cheilteach.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 20:06:53

Admin/login Comments RSS

ILBF