TÚS CURTHA LE SEACHTAIN NA GAEILGE 2015 LE LÁMHLEABHAR NA nGRÚPAÍ SCAIPTHE

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

TÚS CURTHA LE SEACHTAIN NA GAEILGE 2015 LE LÁMHLEABHAR NA nGRÚPAÍ SCAIPTHE

 

Tá tús curtha le Seachtain na Gaeilge 2015 le lámhleabhar Sheachtain na Gaeilge 2015 scaipthe ar grúpaí agus eagraíocht pobail ar fud an domhain le seachtain anuas. Tá gach eolas maidir le conas imeachtaí a eagrú agus a phoibliú chomh maith le go leor cluichí agus acmhainní taitneamhacha le fáil ann.

 

Dúirt Sinéad Ní Dhomhnaill, Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge: “Tá an-áthas orainn lámhleabhar Sheachtain na Gaeilge 2015 a sheoladh! Tá go leor leor oibre curtha isteach ann agus is deas an rud é toradh na hoibre sin a fheiceáil.  Tá súil againn go gcabhróidh an lámhleabhar seo le grúpaí agus iad i mbun pleanála d’fhéile 2015. Léiríonn sé na tacaíochtaí agus an cabhair atá ar fáil ón oifig agus mholfainn d’éinne ar mhaith leo imeacht a eagrú chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh teagmháil a dhéanamh linn san oifig.”

 

Dúirt Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Ardú Feasachta & Ilmheán: “Is cúis bhróid dom a bheith mar chuid de fhoireann Sheachtain na Gaeilge agus ag cuidiú go príomha le Gaeil Chúige Uladh. Tá neart sa lámhleabhar seo chun cuidiú le héinne a bheidh ag pleanáil imeachtaí sna míonna atá amach romhainn agus beidh mé féin is foireann SnaG uilig le fáil chun cuidiú ar líne, ar an ghuthán, nó amuigh sa phobal.”

 

Tá lógó agus mana úr forbartha do Sheachtain na Gaeilge 2015: Bain Triail Aisti – Surprise Yourself! Tá foireann Sheachtain na Gaeilge ag súil go láidreoidh seo íomhá agus teachtaireacht na féile agus molann siad iad a úsáid agus imeachtaí á bpleanáil do Sheachtain na Gaeilge 2015. Más maith leatsa imeacht a chur ar siúl chun Seachtain na Gaeilge 2015 a cheiliúradh, déan teagmháil le foireann SnaG arsnag@cnag.ie.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-18 06:39:44

Admin/login Comments RSS

ILBF