Turas óige Feachtas do Sheachtain na Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Feachtas Óg-ghluaiseacht Na Gaeilge
A chairde,

Bheadh muid an-bhuíoch díbh as an eolas seo a scaipeadh i measc daoine óga a mbeadh suim acu sa turas thíos dar libh.

Turas óige Feachtas:

Tá Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge ag eagrú turais óige chuig Páirc an Chrócaigh ar an 1ú Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Tá an turas seo dírithe ar Ghaeilgeoirí óga idir 12-18 bliana d’aois. Beidh deis ag na daoine óga turas timpeall Pháirc an Chrócaigh a dhéanamh, mar aon le cuairt a thabhairt ar an músaem agus an Ethiad Skyline a dhéanamh. Is deis iontach é seo do na Gaeilgeoirí óga bualadh le daoine eile ar chomhaois leo agus lá spraíúil trí Ghaeilge a bheith acu.
Costas €7.50 roimh an 17ú Feabhra! Chun tuilleadh eolais nó foirm iarratais a fháil, cuir rphost chuig Ciara ciara.feachtas@gmail.com http://www.feachtas.ie/wp-content/uploads/2013/12/14.01.22-P%C3%B3staer.pdf

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 22:11:38

Admin/login Comments RSS

ILBF