Turas as an gnách – ionad Gaeilge nua in oirthear Bhéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Osclaíodh ionad nua Gaeilge i mBéal Feirste anocht, an chéad ionad dá macasamhail i gceantar Protastúnach sa chathair. Is í Linda Ervine, oifigigeach Gaeilge le Foras na Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste, atá ag croílár an tionscnaimh seo agus is é duine de bhunaitheoirí an PUP, Sam Ervine a osclóidh an ionad nua atá lonnaithe taobh istigh den fhoirgneamh Skainos. Bíonn seirbhísí éagsúla don phobal áitiúil in Skainos. ‘Turas’ is ainm don ionad nua agus tá dreim le hollscaifte ag an oscailt. Thosaigh na ranganna Gaeilge sa cheantar aontachtach trí bliana ó shin ar bhonn triallach. Ach d’éirigh thar barr leo agus tá anois ocht rang Gaeilge ann gach seachtain. Dar leo gur Protastúnaigh 90% acu sin atá ag freastal ar na ranganna.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-23 08:02:32

Admin/login Comments RSS

ILBF