Tugann an duine is óige ar an ngearrliosta duais léi ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

33 34 35 3637 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 518 9 10 11 12 13a3 4 5 6 71 2Tugann an duine is óige ar an ngearrliosta duais léi ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

 

Bhuaigh an té is óige ar an ngearrliosta ar fad, Doireann Ní Fhoighil, Aisteoir na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014 don ról a bhí aici sa ghearrscannán Rúbaí, scéal faoi chailín óg a fhógraíonn gur aindiachaí í agus nach bhfuil sí ag iarraidh páirt a ghlacadh i Lá na Chéad Chomaoineach leis na páistí eile sa rang. Bhí Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar siúl anocht (Dé hAoine, 16 Bealtaine) in Óstán Galway Bay agus is é Aengus Mac Grianna, a bhí á gcur i láthair. I measc na mbuaiteoirí eile, bhí Róisín O’Hara a bhain an duais amach do Chraoltóir Teilifíse na Bliana agus Garraí Glas ar éirigh leis an teideal Sraith Teilifíse na Bliana a sciobadh. Bhí an-oíche ag RTÉ Raidió na Gaeltachta – bhuaigh Helen Ní Shé Craoltóir Raidió na Bliana agus is é an clár a chuireann sí i láthair, An Saol ó Dheas, Sraith Raidió na Bliana.

 

Déantar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus na gradaim seo á mbronnadh agus tugtar ómós do na haisteoirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne sár-ionchur sa ghort sin le bliain anuas.

 

“Tá fás agus forbairt ag teacht ar na Gradaim Chumarsáide gach bliain, agus tá an bhliain seo eisceachtúil,” a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Chuireamar córas nua moltóireachta i bhfeidhm, don chéad uair riamh bhí daoine ar fud an domhain in ann breathnú ar an searmanas ar líne, roghnaíodh an bhean agus an fear is galánta faisean agus le clabhsúr a chur ar an oíche, bhí Cabaret Craiceáilte ann,” a deir sé.

 

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Ghearóid Ó Cairealláin, atá gníomhach i saol agus i ngluaiseacht na Gaeilge ó bhí sé ina dhéagóir. Bhí lámh aige i mbunú fiche tionscadal Gaeilge, ina measc sin Compántas Amharclainne Aisling Ghéar, Raidió Fáilte, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Meánscoil Feirste. Faoi láthair, tá Gearóid ina Chathaoirleach ar Bhord Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus chomh maith leis sin, bíonn sé ag craoladh ar Raidió Fáilte, aistríonn agus comhléiríonn sé drámaí agus is colúnaí é ar an suíomh nuachta www.nuacht24.com.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 01:57:42

Admin/login Comments RSS

ILBF