Tuairisc na saineolaithe Eorpacha faoi chaibidil ag comhdháil POBAL

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

34152

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ag comhdháil de chuid POBAL i mBéal Feirste inniu (Déardaoin 13 Feabhra), rinne beirt shaineolaithe Eorpacha aitheanta an comhthéacs a mhíniú do easnamh atá sa tuarascáil is déanaí a pléann le cur i gcrích Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.   ‘Ag amharc siar, ag bogadh chun tosaigh’ a ba théama don ócáid a bhí ar siúl óna 9.30 ar maidin san Ostán Europa go ham lóin. Bhí feidhmeannaigh ó Chomhairlí áitiúla, státseirbhísigh ó ranna rialtais agus oifigigh comhionannais orthu siúd a bhí i láthair don ócáid.

I mí Eanáir, dhamnaigh Coiste na Saineolaithe (COMEX) ar Chairt na hEorpa cur chuige rialtas na Breataine agus an Tionóil i leith na Gaeilge i dtuairisc monatóireachta de chuid Chomhairle na hEorpa. Cháin siad go géar an méid ata déanta leis an Chairt a chur i bhfeidhm ó athbhunaíodh Thionól TÉ 1 2007. Ar eochairchainteoirí na comhdhála, inniu bhí Chéad Leas-Chathaoirleach ar Choiste na Saineolaithe, Sigve Gramstad. Lwe cuidiú roinnt grafanna agus sleamhnáin léirigh seisean go bhfuil an líon de choimitmintí atá tugtha faoin Chairt ó thaobh Gaidhlig na hAlbain agus a rinneadh a comhlíonadh ag dul in airde le tamall maith anuas.

Maidir le Gaeilge na hÉireann sna Sé Chontae, i gcás na gcoimitmintí a bhí ag brath ar Westminster lena gcur i gcrích, léirigh sé go raibh an graf ag dul sa treo ceart agus gur mhó acu sin atá á cur i gcrích. Ach i gcás coimitmintí a bhí ag brath ar Stormont agus ar an Fheidhmeannas ó thuaidh dá gcur i gcrích bhí an go raibh an graf ag dul sa treo mícheart ar fad le blianta anuas agus gur cúis mhór imní sin.

Rinne Emyr Lewis, dlíodóir ó Cymru a chaith dhá sheal ar Choiste na Saineolaithe mar ionadaí neamhspleách na Ríocht Aontaithe, rinne sé an pointe go láidir go raibh seo ar an chéad uair riamh nárbh fhéidir le ballstát tuarascáil críochnaithe a chur faoi bhráid Chomhairle na hEorpa.

(Ní raibh an fheidhmeannas ag Stormont in ann teacht ar chomhaontú faoi thuarascáil agus mar sin bhí an tuarascáil ón Riocht Aontaithe easnamhach ar fad mar nach raibh aon tuarascáil faoi Ghaeilge is Albanais Uladh sna Sé Chontae ann)

Luaigh sé go sonrach  an gá le teacht ar shlí éigin leis an scéal a bhisiú agus dhírigh sé isteach go háirithe ar an chosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh, cosc atá ann ó 1737 agus atá rialtas na Breataine ag cur i gcoinne a bhaint ar shiúil.

Agus e ag freagairt do cheisteanna maidir le ról na 26 Chontae sa scéal, má bhíonn ról acu, luaigh sé go mba cheart dóibh ar dtús cinntiú de nach mbíonn ar an Choimisinéir Teanga s’acu éirí as!

 

Agus í ag cur i láthair moltaí POBAL faoin bhealach chun cinn arsa Janet Muller go mba chuidiú mhór dá mbeadh rialtas na Breataine sásta dáta a lua le hAcht Teanga nó thabharfadh sin ar gach dream fócas a dhéanamh ar thargaidí is spriocanna, ar chláir oibre is liostaí oibre. Luaigh sí lena chois go bhfuil bealach ag rialtas na Breataine tabhairt ar an Fheidhmeannas na coimitmintí atá acu faoin Chairt a chomhlíonadh trí pionós a ghearradh orthu mura mbíonn siad sásta iad a chur i gcrích. Thiocfadh le rialtas Westminster breathnú ar an bhloc-dheontas agus laghdú air sin mura mbíonn an feidhmeannas ag comhlíonadh a gcoimitmintí ar sí.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-23 03:29:07

Admin/login Comments RSS

ILBF