Tuairisc.ie a chuirfidh suíomh nuachta nua ar fáil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

iomhaiomhaTá paineál measúnaithe Fhoras na Gaeilge i ndiaidh cinneadh ar an chonradh ceithre bhliain do nuachtshuíomh Ghaeilge nua a bhronnadh ar tuairisc.ie Beidh siad lonnaithe sa Spidéal.

Sean Tadhg Ó Gairbhí , Micheál Ó Cinnéide, Seán Ó Mainnín, Emer Ní Dhomhnaill agus Ciarán Ó Súilleabháin atá luaite le www.tuairisc.ie.

Beidh naonúr fostaithe ann ar bhonn lán agus páirt aimseartha agus deichniúr de cholúnaithe aitheanta ann chomh maith.

Beidh coiste comhairleach ag an fiontar nua.

Deir Ferdia Mac an Fháiligh go raibh ardchaighdeán ag baint leis an sé iarratas a fuair siad ach go bhfuil sé muiníneach anois go mbeidh rath ar an bhuaiteoir, www.tuairisc.ie
Dar leis go mbeidh siad ag dul i mbun plé le tuairisc.ie a sna seachtainí amach romhainn chun a shocrú soláthar na seirbhíse ar líne ar bhonn seachtainiúil saor ó thaille  agus chun aontú ar spriocanna ó thaobh lucht léitheoireachta na suímhe agus cúrsaí eile. Tá dréim leis an seirbhís a bheith ar fáil ó dheireadh an tsamhraidh.

 

Mar chuid den chonradh beidh spriocanna leagtha síos agus deir an tUasal Mac an Fháiligh go mbeidh siad i mbun plé le www.tuairisc.ie féacháil chuige go mbaintear na spriocanna sin amach.

Bunaíodh tuairisc.ie tuairim is trí mhí ó shin agus orthu sin a bhfuil baint acu leis an togra tá roinnt daoine a bhí ag plé, tráth, le Foinse.

Dar leis an Uasal Ó Gairbhí go mbeidh cosúlachtaí idir an suíomh nua agus an seanFhoinse ó tharla roinnt de na pearsanraí daoine céanna ach beidh sé difriúil ar go leor bealaí eile dar leis nó gur togra iomlán nua é.

Beidh ábhar fuaime is físeáin ann lena chois, deir sé, ach don chuid is mó altanna scríofa a bheith ann. Beidh €300,000 ar fáil in aghaidh na bliana don fiontar úr.

Dar leis go mbeidh an deontas ar fad á díriú ar leagan ar líne a sholáthar ach go bhfuil siad sásta dul i mbun plé le haon dream ar suim leo leagan clóite a chur ar fáil.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:02:05

Admin/login Comments RSS

ILBF