Tuairisc ann gur bhris Alan Shatter an dlí i gcás Mick Walace – an Coimisinéir um Chosaint Sonraí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Mhaígh an Coimisinéir um Chosaint Sonraí , Billy Hawks, gur bhris an tAire Dlí is Cirt Alan Shatter an dlí nuair a thug sé le fios ar agallamh teilifíse gur thug na Gardaí foláireamh don Teachta Mick Wallace as a bheith ag úsáid a fhón póca agus é ag tiomáint. Duirt urlabhraí leis an Taoiseach go bhfuil muinín aige fós as an Aire ach dhiúltaigh aon rud breise a rá cionn is gur seans go mbeidh imerachtaí dlí i gceist san am atá le teacht.  Níor shraigh an iarChoimisinéir Callinan na hAchtanna um Chosaint Sonraí, deir an Coimisinéir, nuair a thug sé an t-eolas don Aire Shatter mar is éigean don Coimisinéir an tAire a choinneáil ar an eolas. Agus cé gur sháraigh an tAire na hAchtanna níl aon choir i gceist leis an rud a rinne an tAire ná aon phionós dlíte de réir dlí.  Tuigtear gur gach seans go bhfuil an tAire chun achomharc a dhéanamh. Dúirt urlabhraí leis an Tanáiste go bhfuil muinin aige as an Aire go fóill cé gur ghlac foinsí Pháirtí an Lucht Oibre leis gur cúis áifealtais an rialú. D’éiligh an Teachta Wallace ar an Aire Shatter éirí as ach i ráiteas mhaígh an tAire go raibh leithscéal tugtha aige sa Dáil as ar tharla agus gur mhínigh sé go ndearna sé a chuid cainte i gcomhthéasc nuair a shíl sé gur bhain sé e hábhar. Dá mbeadh sé leis an agallamh a dhéanamh ar PrimeTime arís ní dhéanfadh sé mar a gcéanna é. Dar leis go bhfuil ceisteanna tábhachtacha tógtha sa rialú a rinne an Coimisinéir agus mar sin gur mhaith leis iad a scrúdú ar leas an phobail. Ach dúirt an Teachta Wallace go síleann an tAire Shatter go bhfuil sé os cionn an dlí agus gur cheart dó mar sin éirí as. Cé go bhfuil an Taoiseach ar a shon go foill, dar leis an Teachta Wallace, tá muinín an phobail caillte ag an Aire Shatter i bhfad ó shin. Deir an Teachta Wallace go bhfuil sé chun comhairle dlí a ghlacadh  i bhfianaise rialú an Choimisiné.  Tá 21 lá ag ceachtar den dá thaobh achomharc a dhéanamh.ara

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 16:11:28

Admin/login Comments RSS

ILBF