Triúr páiste gortaithe in ionsaí an úafáis ar theach i bPort Láirge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá fear amháin á cheistiú agus cuardach ar bun ag Gardaí do roinnt daoine i ndiaidh ionsaí na hoíche aréir ar theach i bPort Láirge a d’fhág triúr páiste dóite, duine acu go fíordhona. Caitheadh buama artola isteach ar fhuinneog Nellie Halligan i dtrátha a naoi a chlog. Bhí Róisín, Lexie agus William Halligan ag súgradh sa seomra suí nuair a phléasc an buama artóla faoi chóngar dóibh. Dar leis an chlann go deachaigh Róisín i dtarrtháil Lexie agus gur Róisín is measa a gortaíodh san eachtra. Tuigtear gur bagraíodh ar an chlann roimhe seo agus go bhfuil na Gardaí ag díriú ar bhaicle bithiúnach ón cheantar agus iad ag iarraidh a ghabháil na daoine a bhí freagrach as an ionsaí seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-20 17:28:01

Admin/login Comments RSS

ILBF