Triúr deirfiúr Halawa saor, ach deartháir faoi ghlas i gcónaí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá na húdaráis san Éigipt i ndiaidh a ligean saor triúr den cheathrar ó chlann Halawa atá faoi ghlas acu ó 17ú Lúnasa. Gabhadh ceathrar den chlann, an triúr deirfiúr agus a ndearthair Ibrahim, nuair a rinne arm is péas na hÉigipte léigear ar mhosc in Caireo ina raibh léirsitheoirí a bhí ag cur i gcoinne coup d’etat an airm. Ligeadh saor Somaia, Fatima and Omaima ar maidin ach tá a ndearthair Ibrahim faoi ghlas go fóill agus tabharfar i láthair cúirte arís é Dé Domhnaigh seo chugainn. Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Eamonn Gilmore go bhfuil sé féin is a Roinn ag cur brú ar na húdaráis san Éigipt chun an ceathrar a shaoradh ó chéad gabhadh iad agus gur labhair sé le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÉigipte, agus gur iarr sé air an ceathrar Halawa a ligean saor. Dar leis go leanfaidh sé ag éileamh anois go saorófaí Ibrahim anois go bhfuil an triúr deirfiúr ligthe saor.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 12:15:55

Admin/login Comments RSS

ILBF