Trioblóid ar bith ag mórshiúil conspóideach an Ord Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chuaigh Oráistigh a fhad le bac de chuid an PSNI, rinne agóid ann agus d’fhill ar an Seanchill anocht agus iad ag iarraidh dul thart ar shiopa Ard Eoin. Tá cosc ar Oráistigh dul thar an cheantar seo agus anuraidh bhí siad i mbun círéibe ar feadh roinnt laethanta mar gheall ar an rialú ó Choimisiún na Mórshiúlta. Bhí trioblóid ann i roinnt ceantracha ó thuaidh aréir ,le linn do tinte cnámha a bheith á ndódh agus sádh roinnt daoine i dtrí eachtra ar leith. In eachtra amháin ar Bhóthar Ormeau i mBéal Feirste d’ionsaigh scaifte de náisiúnaigh agus dílseoirí ar a chéile.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 10:07:05

Admin/login Comments RSS

ILBF