Torrámh an Athair Alec Reid

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhi John Hume agus an iarUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa ar na sluaite a phlódaigh isteach i Mainistir Chluain Ard inniu chun slán a fhágáil ag an Athair Alec Reid a cuireadh i ndiaidh Aifreann na Marbh ann. Ar na gaolta leis a bhí ann bhí a aintín, Ite Kavanagh, mar aon lena dheirfiúracha, Margaret O’Mara agus Maura Lister. Bhí beirt fheisire ón DUP, Simon Hamilton agus Jimmy Spratt, an tOir Harold Good, an Commander Alan Bolger, ionadaí an Uachtaráin, Mike Nesbitt, Martin Mc Guinness, Consol Mheiriceá sna Sé Chontae, Mark Durkan is Alex Attwood ón SDLP, Gregory S. Burton agus an Seanadóir Bascach Urko Aiartza ar na maithe móra a bhí sa scaifte. Ach ba iad gnáthphobail an cheantair in aice le Mainistir Chluain Ard agus gnáthphobal Bhéal Feirste ó níos faide i gcéin, tromlach an scaifte. Agus ról lárnach ag brathracha eile an mhainistir, braithre de chuid Ord an Slánaitheora, sna himeachtaí ar fad.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 11:13:00

Admin/login Comments RSS

ILBF