Tomás Ó Canainn i ndiaidh a bháis

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an cheoltóir aitheanta Tomás Ó Canainn i ndiaidh a bháis. Fuair sé bás in Ospidéal na hOllscoile Corcaigh. Cuirfear amárach é i ndiaidh Aifreann na Marbh i dTeach an Phobail Naomh Iosaef i gCnoc an Fhuaráin. Bhí Tomás orthu sin a bhunaigh an grúpa ceannródaitheach Na Filí agus bhí aird mhór air mar phíobaire. Bhí sé ina mhac léinn ag Seán Ó Riada ag Ollscoil Chorcaí agus ar ball bhí sé ina léachtóir san Ollscoil. As Doire dó agus bhí sé 83 bliain d’aois. Chaith se cuid mhór dá shaol i nGleann Maghair. Scríobh Tomás roinnt leabhair faoi rogha ábhair, orthu sin ceol traidisiúnta na hÉireann, Seán Ó Riada, Doire agus a óige ann, agus cnuasach dánta a foilsíodh ag www.coisceim.ie Maireann a bhean agus triúr íníon.

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive