Toghchán na gcomhairlí ó thuaidh – uasdatú

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Déanfar an postáil seo a uasdatú go rialta

 

Deir Jeffrey Donaldson, DUP, go bhfuil sé soiléir go bhfuil NI21 ag baint vótaí de Pháirtí an Chomhaontais i Lios na gCearrbach agus go dtiocfadh leis an Alliance suíochán nó beirt a chailleadh sa cheantar sin agus ceantracha eile ar ball mar gheall ar an iomaíocht sin.

 

Russell Waton PUP, 727 vóta, Cúl Raithin, ag barr an liosta. Níor toghadh go fóill é ach is díol suntais go bhfuil sé ar bharr an liosta. Agus go raibh an scéal amhlaidh ag Billy Hutchinson, Court i mBéal Feirste. Bhí sé chun tosaigh i imreas na mbratacha .

 

Caisleán Béal Feirste – Mary Ellen Campbell, SF, ag barr an chomháireamh. 1619vóta. Tofa. Bhain seo siar de na breathnóirí polaitiúla ar fad nó deich mbliana ó shin ba dheacair ag Sinn Féin suíochán a fháil agus a choinneáil sa toghcheantar seo.

 

Lisnasharragh – Michael Long, Alliance, tofa chun tosaigh ar an liosta

 

David Hollis TUV tofa i mbardas Macedon Aontroim.

 

Doire / an tSrath Bán – SDLP, Angela Dobbins agus  Sandra Duffy Sinn Féin tofa

Tá buairt ar an SDLP go gcaillfidh siad trí suíochán do iarrthóirí neamhspleácha sa toghcheantar .

 

Christine McFlynn, SDLP,  George Shiels, UUP, agus Darren Totten is Michael Clarke Sinn Féin uilig tofa i mbardas Machaire Fíolta

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive