Toghchán na gcomhairlí ó thuaidh – uasdatú

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Déanfar an postáil seo a uasdatú go rialta

 

in ainneoin na ráflaíochta  níl an SDLP ag cur as an áireamh go gcoinneoidh Tim Attwood SDLP, a shuíochán i Sliabh Dubh. Tá comhairleoir anois ann ag People Before Profit, Gerry Carroll agus cúigear Sinn Féin mar chuideachta acu dar le lucht tuartha na rudaí seo. Ach tá an comháireamh ag dul ar aghaidh i rith an ama agus beidh toradh ann anocht.

 

tá an cuma ar an scéal go mbainfidh People Before Profit suíochán den chéad uair i Sliabh Dubh. Gerry Carroll ar 1691 vóta i ndiaidh an chéad áireamh. 58 vóta faoin chuóta.

 

An tIúr – tofa ar an chéad áireamh W Clarke SF, Devlin L Sdlp S Doran SF H Reilly UKIP

 

An Comhaontas Glas – an Dún Thuaidh – John Barry tofa

 

Sharon Haughey, SDLP, tofa i dtoghcheanatar Ard Mhacha/Droichead an Banna agus Craigavon.

 

Deir Jeffrey Donaldson, DUP, go bhfuil sé soiléir go bhfuil NI21 ag baint vótaí de Pháirtí an Chomhaontais i Lios na gCearrbach agus go dtiocfadh leis an Alliance suíochán nó beirt a chailleadh sa cheantar sin agus ceantracha eile ar ball mar gheall ar an iomaíocht sin.

 

Russell Watton PUP, 777 vóta, Cúl Raithin, ag barr an liosta. Níor toghadh go fóill é ach is díol suntais go bhfuil sé ar bharr an liosta. Agus go raibh an scéal amhlaidh ag Billy Hutchinson, Court i mBéal Feirste. Bhí sé chun tosaigh i imreas na mbratacha . Beirt iarchime de chuid an UVF tofa ag an PUP.

 

Caisleán Béal Feirste – Mary Ellen Campbell, SF, ag barr an chomháireamh. 1619vóta. Tofa. Bhain seo siar de na breathnóirí polaitiúla ar fad nó deich mbliana ó shin ba dheacair ag Sinn Féin suíochán a fháil agus a choinneáil sa toghcheantar seo.

 

Lisnasharragh – Michael Long, Alliance, tofa chun tosaigh ar an liosta

 

David Hollis TUV tofa i mbardas Macedon Aontroim.

 

Doire / an tSrath Bán – SDLP, Angela Dobbins agus  Sandra Duffy Sinn Féin tofa

Tá buairt ar an SDLP go gcaillfidh siad trí suíochán do iarrthóirí neamhspleácha sa toghcheantar .

 

Christine McFlynn, SDLP,  George Shiels, UUP, agus Darren Totten is Michael Clarke Sinn Féin uilig tofa i mbardas Machaire Fíolta

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 22:13:03

Admin/login Comments RSS

ILBF