Toghchán Eorpach sna Sé Chontae – Sinn Féin caithréimeach arís, DUP sa dara áit,an tríú suíochán le socrú fós

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Shaothraigh Martina Anderson, 159,813 v otaí agus bhain an chéad suíochán ar son Shinn Féin sa toghchán Eorpach  ó thuaidh. Ceiliúradh Poblachtach ag stáisiún vótála, radharc iontach coitianta le tamall de laethanta anuas. Bhí farasbarr de chorradh is 3,000 aici ar an chuóta agus is  i a bhí sásta ar fhógairt bua eile do bheaniarrthóir de chuid Shinn Féin. Bhí  131,163 vóta ag iarrthóir an DUP, Diane Dodds, tuairim is 25,000 faoin chuóta, 83,438 vóta a shaothraigh Jim Nicholson ón UUP agus cuma ar an scéal go bhfaighfidh sé oiread aistriúcháin is go mbainfidh sé an tríú suiochán. Ach beidh dioma ar an pháirtí nach raibh vóta níos airde aige nó bhí ardú ar a vóta sna toghcháin comhairle.  Shaothaigh Jim Allister TUV, 75,806 vóta agus bhí Alex Attwood, SDLP, ar 81,594 vóta ach caolsheans go bhfaighfeadh sé an tríú suíochán.

Shaothraigh Anna Lo,  44,432 vóta ar son Pháirtí an Chomhaontais.

Henry Reilly UKIP 24,584 vóta ; Ross Brown, Glasach 10,598 Tina McKenzie NI21 10,553.

Mark Brotherston Coiméadach  4,144.

626,125 vóta dleathach a caitheadh. Bhí vóta 52%, ann i gcomparáid le  43% in 2009.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 03:50:32

Admin/login Comments RSS

ILBF