Toghadh an chéad chomhairleora ó thuaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an Comhairleoir Nigel Kells DUP ar an chéad chomhairleoir ó thuaidh le suíochán a bhaint i dtoghchán 2014. Toghadh é i dtoghcheantar Aontroma. Toghadh é ar an tríú áireamh.

Tá an leasArd Mhéara i mBaile Nua na Mainistreach, Dineen Walker, DUP, i ndiaidh a suíochán a chailleadh.

Píosa eile eolais a bhfuiltear ag caint faoi, go raibh ardú beag ar an vóta i gceantracha aicme oibre Protastúnacha i mBéal Feirste ach ní léir cé chomh mór nó beag an méadú sin, bhí na sluaite iriseoirí ag iarraidh caint le Tina Mc Kenzie, NI21, nuair a nocht sí ag an chuntas in Halla na Cathrach Béal Feirste díreach i ndiaidh a dó a chlog

toghadh beirt aontachtaí, Thomas Beckett DUP agus Robbie Butler UUP i Lios na gCearrbhach.

 

Tá tuairimíocht ann i mBéal Feirste go mbeidh Máirtín Ó Muilleoir ag barr an liosta i mBalmoral. Bhí sé sa tríú áit ansin in 2011 ach tá a sheal mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste i ndiaidh cur go mór lena hiomrá agus lena thacaíocht. Cuirfear suim mhór sa toghchán áitiúil ansin nó is ann atá Tina Mc Kenzie ag seasamh, bean a bhí ina iarrthóir Eorpach do NI21 agus a d’éirigh as Feidhmeannas an pháirtí aréir. Agus lena chois is sa toghcheantar sin atá iarLeas Ard Mhéara ar Bhéal Feirste, Christopher Stalford, DUP. Agus Jeffery Dudgeon, fear a bhí chun tosaigh san fheachtas i gcoinne cosc dlí a bheith ar homaighnéasachas agus thug sé cás dlí chuig Cúirt Strasbourg. Tá sé ina iarrthóir don UUP.

Tá dreim le toradh ar an chéad chomháireamh i roinnt toghcheantar faoin 3.00 agus na céad torthaí, thart faoi 6 a chlog tráthnóna. Ní bheidh na torthaí críochnaithe go dtí oíche amárach.

Tá oibrithe Shinn Féin i mBéal Feirste ag cur in iúl go bhfuil siad muiníneach go mbainfidh siad 5 suíochán i gceantar Colin, suíochán amháin i mBotanic, ceann eile i Titanic agus 3 cinn i mBéal Feirste Thuaidh. Níl aon chaint go fóill ar shuíochán Niall Ó Donghaile i mBéal Feirste Thoir.

 

Táthar ag dreim leis na céad torthaí i dtoghchán na gcomhairlí ó thuaidh go luath tráthnóna. Tá 11 comhairle i gceist ó thuaidh seachas 26 mar a bhí ann roimheagus tá dreim leis go mbeidh tromlach, ag deireadh an toghcháin seo, ag aontachtaithe i 6 Chomhairle, tromlach ag náisiúnaithe ar 4 Comhairle, agus Páirtí an Chomhaontais ina RíDhéantóir i mBéal Feirste. Leanfar leis an chomháireamh amárach. Níl dreim le toradh toghchán na hEorpa go dtí an Luan.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 11:27:52

Admin/login Comments RSS

ILBF