Todhchaí na Gaeltachta – picéad ar Jimmy Deenihan

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chuir grúpa ó Todhchaí na Gaeltachta picéad ar an Aire Gaeltachta Jimmy Deenihan Dé Luain nuair a bhí sé ag bronnadh teastais ag ócáid i gCorca Dhuibhne. Bhí Feargal Mac Amhlaoibh ar dhuine acu sin a bhí chun tosaigh san agóid agus dúirt sé le RónánBeo@3 ar Raidió na Gaeltachta gur baineadh siar den Aire nuair a mhínigh siad dó i nGaeilge, ar dtús, agus ansin i mBéarla cúis na hagóide. Deir Todhchaí na Gaeltachta go mbeidh siad feasta ag reáchtáil agóide am ar bith a bhíonn Aire rialtais sa chóngar agus beidh léirsithe eile ar bun acu chomh maith mar aisfhreagra ar an dóigh a bhfuil an rialtas ag caitheamh le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive