Todhchaí geal rompu beag beann ar lucht na cáinte?

gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

ceimiuAn Bhuille ar Buile

 

Colún

 

le Gearóid Ó Cairealláin

 

Is dócha go mbíonn tuismitheoirí i gcónaí ag súil le go ndéanfadh a bpáisdtí níos fearr ná mar a rinne siad féin. Gan amhras sin cuid den chúis go raibh mise ‘ecira agus delira’ thíos in Ollscoil Luimnigh ar na mallaibh nuair a bhíothas ag bronnadh Céim Msc ar mo mhac Cairbre. Nó Cairbre Ó Cairealláin Bsc, Msc mar a thugtar anois air! Ba dheas mar a labhair Uachtarán na hOllscoile leis na céimnithe nuair a dúirt sé leo go raibh na huirlisí oideachais acu anois le beart mar a ba mhaith leo a dhéanamh sa saol agus sa tír ar neamhchead lucht na cáinte a deir go bhfuil an todhchaí dubh dorcha. Nó mar a dúirt an grúpa ceoil ponc-rac tráth, ‘Do anything you want to do!’

Is é mana lucht forbartha na Gaeilge anseo i mBéal Feirste ‘Ná habair é, déan é.’ Chuir an ócáid ollscoile i gcuimhne dom an seal (gairid go maith) a chaith mise ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Is maith is cuimhneach dom mo chéad chuairt ar an seomra snúcar in Áras na Mac Léinn. Béal leis an  seomra snúcar tá an bheár. Thit mé faoi draíocht an chluiche láithreach, gur fiú gur cheannaigh mé mo ciú féin. Agus ba ghearr go raibh mé ábalta an liathróid dhubh a chur go tóin poill agus láithreach bonn pionta dubh a chur go bolg. Faraor géar níos mó ná ócáid amháin go ndearna mé leacht nó rang teagaisc a scipeáil ar mhaithe le fanacht i measc na mballaí ildaite ag reabadh liom ar an tábla gluaisuaithne.

An bhfuil an t-aos óg (nó an t-aos óg ollscoile ar a laghad) ag ól níos lú na laethanta seo? Nó an rud e a shamhlaigh mé? I gcearnóg taobh amuigh i ndiaidh na hócáide níor mhothaigh mé ach corc amháin á phopáil. Thiar sa lá, agus na cairde s’agams ag ceimniú bheadh buidéil seaimpéin á n-oscailt ar fud na fuaide sula dtéadh an scaifte ‘en masse’ go dtí an teach tábhairne ba chóngaraí.

Mar a bhí mé ag rá níorbh é an seal a chaith mé ar an Ollscoil ar an tréimhse is gile i mo ré ach tá glúin úr anois ann agus céad míle fáilte roimhe …. ta an todhchaí níos gile ná mar a síleann lucht cáinte agus cnaimhseála.

Grianghraf le caoinchead mhuintir Uí Chairealláin

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:19:32

Admin/login Comments RSS

ILBF