Titim arís eile ar an líon daoine gan obair

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an ráta dífhostaíochta níos ísle anois ná ag am ar bith le 5 bliain anuas de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Phríomh-Oifig Staidrimh. Foilsíodh na figiúirí don Chlár Beo inniu agus léiríonn siad go bhfuil 392,700 ar an chlár i láthair na huaire. Tá an ráta dífhostaíochta ag 11.7% an mhí seo, a ráta is ísle ó bhí 2009 ann. Ní léir cén tionchar atá an ard ráta imirce ag imirt ar na figiúirí ach dar le bunús saineolaithe go bhfuil biseach ag teacht ar an gheilleagar agus go bhfuil níos mó jabanna á gcruthú ná mar a bhí le blianta fada anuas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 07:51:00

Admin/login Comments RSS

ILBF