‘Tír le teanga, tír le anam!’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

GetAttachment (2)1016410_10152295160721289_184965153_n 1655975_10152295159846289_1443289964_n (2) 1947397_10152295160486289_1030379366_n 1920145_10152295159001289_693885928_n1920145_10152295159001289_693885928_nGetAttachmentphotoB’fhéidir gur  splanc giniais a bhí ann nó b’fhéidir go raibh sé oibrithe amach aige roimh réidh. Ach nuair a d’fhógair ball den ghrúpa Seo Linn ag deireadh an cheoi, nuair a scairt sé ar ard a chinn, ‘Tír le Teanga, Tír le Anam’ scaoileadh amach rosc a bhain croitheadh as Ostán Buswells agus a chloisfear macalla de ag achan léirsiú mórshiúil is agóid Ghaeilge ó seo go Lá Sheoin Dic. Seo lá a mhairfidh I seanchas na ndaoine óga a thriall ina mílte ar an phríomhchathair lena mbreithiúnas a thabhairt ar an rialtas seo. Agus ní raibh an breithiúnas sin deas!

10,000 duine meastachán lucht a eagraithe. 7,000 figiúir oifigiúil an Gharda. Abair níos cóngaraí don 10,000 ná don 7,000 agus glacfaidh mé leis sin.

Bhí siad ann  ina sluaite glórach.  Scaiftí daoine a thaisteal suas as Corcaigh is Cill Chainnigh, as Loch Garman is Port Láirge is Cill Dara gach ceantar maguaird. Bhí siad  ó lár na tire, ó Átha Luain is Longfort agus ó Ros Comain agus placairdí de dhéantas bhaile acu a shamhólfá a bheith déanta I mornachan . Muintir na Gaillimhe agus Conamara agus na bailte éagsúla luaite ar mheirgí is placairdí. Agus na sluaite ó gach cuid de Thír Chonaill a thóg go croí an moladh go gcaithfeadh siad éadaí nó ball éadaigh dearg. Bhí siad dearg, rua dhearg lonrach. Bhí muintir Bhéal Feirste ann, ag déanamh réamhbhreathnú don léirsiú a bheidh acusan ar 12 Aibreán. Bhí na hUltaigh ann agus na Muimhnigh agus Lainigh agus bunadh Connachta, agus gach áit bhí daoine óga ann. Idir iad siúd a áirim fós óg agus iad sna luath fichidí nó ina ndéagóirí agus ansin bhí slua ollmhór de pháistí ó aois 1 ar aghaidh. Dea-hiumiúr ar gach duine, agus bhí sé deacair in amanna a bheith ‘Dearg le Fearg’ cionn is an deaspionn a bhí ar an achan duine!!. Agus feadh an bhealaigh bhí na sluaite daoine bailithe ar thaobh an bhealaigh chun tacaíocht a léiriú nó díreach chun sult a bhaint as .

Ach rinne muid ár bpointe  go glórach, go spraoiúil agus le samhlaíocht. Bhí an ‘Druma Mór’ ann as Gaoth Dobhair agus buíon ceoil lena tionlacan feadh an bhealaigh ón Ghairdín Cuimhneacháin a fhad le Teach Laighean. Bhí ‘Mummers’ nó ‘Wren Boys’ ann as Corca Duibhne sílim, iad gléasta I gcúltacha cocháin. Bhí daoine le mascanna dearga nach mbeadh as bealach in Amharclann na Mainistreach. BhíT-Rex Ó Saurus ann (an dineasár a bhíonn ag Rith agus imeachtaí eile Gaelacha) agus an dúrud daoine ag iarraidh go dtógaí ‘selfie’ leis an bhoc mór. Féingrafanna an ea??

Agus bhí na mílte duine a raibh croí dearg  nó striocaí dearga ar a leicne acu, nó peinteáil aghaidhe leathdhearg nó ríbíní dearg acu nó bratacha nó suaitheantais le ‘Is Grá Liom an Ghaeilge.’

Tuar cheatha ceart I lár an lá is grianmhaire a bhí againn le fada. ’Thugamar féin an samhradh linn’ faoi mar a dúirt duine a bhí I láthair.  Bhí cainteanna ón ardán, breá gairid agus gonta, agus ceol den scoth. Beidh tuairisc air sin i Nuacht24 amach anseo. Ach níorbh éigean do dhuine ar bith focal a rá  ón ardán. Shuígh Enda agus Dinny agus cuideachta os comhair an scaileán tráthnóna inniu agus thuig siadsan an teachtaireacht go maith. Tá an dream seo ‘DEARG LE FEARG’ agus ní bheidh rudaí feasta mar a bhí.

 

Grianghrafanna le Gearóid Ó Muilleoir is Fearghas Ó hÍr – tuilleadh grianghrafanna agus tuairiscithe amach anseo

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-23 08:10:36

Admin/login Comments RSS

ILBF