Tionscadal Kate Bush

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24
PORT A' tSAOIL: TIONSCADAL KATE BUSH
Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair
Ionad: Grand Social, Dublin.
Ticéid ar fáil roimh i bhfad....IMRAM GO DEO!

Níl éinne inchurtha le Kate Bush mar ealaíontóir. Fitear rac, ceol
clasaiceach agus ceol tíre go han-éifeachtach ar fad sa saothar
aici. Baineann drámatúlacht thar na bearta lena liricí agus í ag
tarrac go tuisceanach as réimse leathan d'fhoinsí liteartha agus
cineamatagrafacha, téamaí a bhaineann leis an óige, an grá, an
bás, cogadh agus miotaseolaíocht. Ón gcéad singil sin aici
'Wuthering Heights' go dtí an pop barócach in 'Babooshka' is an
paisean tnúthánach in 'Running up the Hill' tá dúshshlán agus
aoibhneas dodhearmadta iontu go léir. 
Anocht beidh Caitríona O'Leary againn - guth neamhshaolta an aingil
aici, dar le Crescendo Magazine - chun scoth na n-amhrán le Kate Bush
a chanadh dúinn. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh na liricí i
nGaeilge.
Ina teannta beidh Roger Doyle (méarchlár), Adrian Hart (fidil),
Éamonn Galldubh (fliúit, feadóga, píb uilleann) agus Graham
Hopkins ó The Frames (drumaí). Beidh Margaret Lonergan againn chun
idir liricí agus íomhánna a theilgean ar scáileán.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-23 23:33:36

Admin/login Comments RSS

ILBF