Tionlacán ceoil don fheisire nua Ní Riada

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

NiRiada4Europe @NiRiada4Europe  ·  6h

Ag feithimh Agus ag feithimh Agus oh yeah ag feithimh!!

B’shin an teachtaireacht deiridh Twitter uaithi sular ligeadh amach liú an áthais. Bhí baill de Chor Cúl Aodha i láthair, Peadar Ó Riada ar dhuine acu, chun tús a chur leis an cheol.

Bhí ‘Gile Mear’ á bhleaisteáil amach agus na tinte cnámha lasta thiar sa Ghaeltacht agus slua nach beag de dhaoine as Cúl Aodha agus ceantracha maguaird bailithe ag an ionad comháirimh i gCorcaigh chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhua stairiúil Liadh Ní Riada, an dara feisire Eorpach in Éire Theas a toghadh ar an cheathrú cuntas. Ceiliúr a leanfaidh gan amhras siar sa bhaile ar theacht ar ais go Gaeltacht Mhúscraí in Iarthar Chorcaí di.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 22:22:03

Admin/login Comments RSS

ILBF