Tionchar POBAL le feiceáil i dTuairisc is déanaí na Saineolaithe

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Faoi rún go meán oíche 15.1.2014

Tionchar POBAL le feiceáil i dTuairisc is déanaí na Saineolaithe

 

Foilsítear inniu (Déardaoin) tuairisc is déanaí Choiste na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh de chuid Chomhairle na hEorpa.  Cháineann na saineolaithe go géar rialtas na Breataine agus na hinstitiúidí cineachta as an easpa dul chun cinn atá déanta maidir le cosaint agus le cothú na Gaeilge ó bhí 2009 ann. Gríosaíonn go láidir na Saineolaithe le hAcht na Gaeilge a thabhairt isteach gan moill.

 

Dúirt Janet Muller, PF POBAL, saineagras abhcóideachta na Gaeilge, ‘Bhuail POBAL le hionadaithe Choiste na Saineolaithe faoi chur i gcrích na Cairte ag an am i láthair.  Scríobh muid tuairisc  fianaise-bunaithe don Choiste. D’fhoilsigh muid an fhianaise seo i dtuairisc chuimsitheach dá gcuid féin i mí na Nollag. Tá an tuairisc ar fáil ar shuíomh POBAL, www.pobal.org. Is léir gur aithin Coiste na Saineolaithe go raibh tuairisciú iontaofa  leathan déanta againn, rud a bhí iontach tábhachtach nuair nach raibh tuairisc curtha ar fáil faoi fhorbairt na Gaeilge ó thuaidh faoin Chairt ó rialtas na Breataine ná ón Tionól. Tá muid sásta gur mhol na saineolaithe arís go gcaithfear Acht na Gaeilge a thabhairt isteach. Is mithid spriocam a aontú anois agus bogadh chun tosaigh. Maidir le Cuid III na Cairte, a thugann sain chosaint don Ghaeilge ó thuaidh, tá cáineadh tromchúiseach déanta ag na Saineolaithe maidir leis an soláthar reatha i dtaca leis na meáin, le hoideachas, leis na cúirteanna, le riar na n-institiúidí polaitiúla – ag leibhéal an Tionóil agus ag leibhéal áitiúil –  ag ar theip Westminster agus an Tionól i dtaca le hathuairisciú do Chomhairle na hEorpa faoi cad e mar a sheasann cúrsaí.’

 

Beidh POBAL ag obair sna seachtainí amach romhainn le heolas a choinneáil le pobal na Gaeilge agus le soláthróirí faoi thorthaí na Saineolaithe.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive