TIOMANTAS DON GHAEILGE AR LÁR I gCOMÓRADH AN RIALTAIS – Conradh na Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

TIOMANTAS DON GHAEILGE AR LÁR I gCOMÓRADH AN RIALTAIS

 

Tá cáineadh géar déanta ag  Conradh na Gaeilge ar Rialtas na hÉireann maidir le gnéithe den chlár comórtha do 2016 a seoladh aréir, 12 Samhain, go háirithe as an easpa tionscadail ina clár do 2016 a léiríonn tiomantas ceannairí Éirí Amach 1916 don Ghaeilge. Bhí ceangal dlúth ag cuid mhaith de na ceannairí, dar ndóigh, leis an gConradh a bunaíodh sa bhliain 1893.

 

Chomh maith leis sin cháin an Conradh leisciúlacht an Rialtais ó dheas i leith úsáid na Gaeilge ar an suíomh gréasáin nua a d’fhógair siad inné www.ireland.ie. Faoi mar a léiríonn na samplaí a foilsíodh ar phríomhscéal www.tuairisc.ie ar maidin tá an chuma ar an scéal gur baineadh leas as gléas aistrithe neamhchruinn agus an suíomh á réiteach. Tá an fhoclaíocht Ghaeilge ar an suíomh breac le botúin agus ní dhéanann sé ciall. Is cinnte nach nglacfar le botúin mar seo ón Rialtas as Béarla riamh. Níor chóir go mbeadh ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta glacadh leo as Gaeilge.

 

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Níl aon tionscnamh ann a láidreoidh an Ghaeilge mar theanga phobail, cur chuige a  luífeadh le fís ceannairí 1916. Tá  dearcadh an Rialtais i leith na Gaeilge i saol oifigiúil na tíre seo soiléir agus teideal Béarla báistithe ar an gclár ‘Ireland 2016’ in áit ‘Éire 2016’ agus trí suíomh gréasáin don chomóradh a thiomsú atá maslach, míphroifisiúnta agus a thugann ísliú stádais eile don Ghaeilge.

 

Táimid ag éileamh ar an Aire Heather Humphreys, bualadh linn go práinneach le clár oibre a chinntiú a thabharfaidh aitheantas ceart don teanga agus a aithneoidh an ról lárnach a bhí ag an nGaeilge i bhfís cheannairí 1916.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 14:36:09

Admin/login Comments RSS

ILBF