‘This is a Gael warning …… A severe Gael warning!’ alt le hEoghan Ó Néill

gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Picture 209lch 1La Mor - SeachtainDSC_1099DSC_109903Alt le hEoghan Ó Néill ón eagrán reatha de Seachtain atá ar fáil inniu Picture 453 DSC_1104Tír le Teanga, Tír le Anam!   Lig Rónán ruabhéic as. A bhain macalla leath-noiméid ar a laghad, dar leat, as Teach Laighean díreach taobh thiar dó.Picture 825 Bhí Rónán Mac Aodha Bhuí dearg-ghnúiseach agus é fógairt ar a ard a chinn ‘Éistigí, tá sé díreach faoi mar a chomhairligh fear na haimsire aréir, ‘This is a Gael warning ….. A severe Gael warning!’ Agus scaoil suas le 10,000 glór a dtacaíocht ar ais chuige, scairt a bhain an dara macalla as Teach Laighean agus as na foirgnimh faoi chóngar míle don áit. ‘Dorn san Aer do na Gaeil’ asa Rónán, ‘Dorn san Aer do na Gaeil.’ Agus d’ardaigh na doirne, ina mílte síoraí. ‘Dearg le Fearg’ an mána a bhí ag Lá Mór na Gaeilge agus bhí an fearg sin le sonrú ó thús deiridh an lae. ‘Táimid Dearg, Dearg le Fearg’ a chan siad agus iad ag déanamh a mbealaigh ón Ghairdín Cuimhneacháin faoi loinnir grian an gheimhridh go Sráid Theach Laighean. Ag dul thar bhráid Ard Oifig an Phoist chroch siad suas ‘Óró ‘Se Do Bheatha Abhaile’ agus an rosc catha a ba ansa leo ‘Tír gan Teanga, Tír gan Anam.’ Ach nuair a phlódaigh siad isteach in Sráid Theach Laighean, gur líon siad an tsráid ó cheann go ceann, ba dheacair ‘Dearg le Fearg’ a shamhlú leo. In amanna ba mhó a chuimhneodh an scaifte seo Coláiste Samhraidh ollmhór duit – an 10,000 scólaire ag guí nach dtiocfadh am dul abhaile go deo. In amanna eile ba mhó a shamhail sé do cheolchoirm na 1960í agus ‘BláthChumacht’ i réim ar oiread sin de deaspionn agus aoibh a gháire a bhí ar an uile duine. Beannaíodh go fonnmhar do chara is do strainséir agus don aon lá amháin ba é an rud a ba nádúrtha ar an tsaol é Gaeilge a labhairt le gach duine a chasfaí ort sa chuid sin den phríomhchathair. Bhí mór, seachas miongháire ar gach aghaidh. Le mo thaobh bhí dornán de mhná óg a raibh scáthanna fearthainne trédhearcacha acu a raibh ‘Fearg le Dearg’ péinteáilte ar gach ceann. D’oscail siad a gcuid scáth fearthainne agus chuaigh ‘ag rince in the grian.’ Os mo chomhair amach fir óga agus placairdí daite acu ag fógairt, ‘The Enda Gaeilge? – Ná bí Dáil!’ ‘Thugamar féin an samhradh linn’ a chan grúpa eile cailíní a raibh ribíní dearga ina ngruaig agus croí fuildearg péinteáilte ar gach aghaidh acu. Má bhí siad ‘Dearg le Fearg’ ar an bhealach ón Ghairdín Cuimheacháin bhí rosc catha nua acu faoi am imeachta. Bhuail splanc giniais ball den ghrúpa Seo Linn nó ag deireadh an gíg, scairt sé ar ard a chinn  ’Tír le Teanga, Tír le Anam.’ Agus i bhfaitheadh na súl bhí an sluán nua ar bharr a theanga ag gach duine, dearmad déanta acu ar ‘Tír gan Teanga, Tír gan Anam.’ Cumhacht na dearfachta! Thar aon rud eile lá dearfach a bhí ann. Don iomaí duine thosaigh an lá le bricfeasta ar bord bus nó i gcarr nó i dtraein. Ag breathnú dearg an dá néal agus ag guí go mbeadh lá bog ann agus go mbréagnódh siad lucht tuartha an tubaiste agus an dream a mhaígh gur ‘damp squib’ a bheadh i Lá Mór na Gaeilge. Faoina dó a chlog bhí tuar ceatha de dhaoine ag plódú na sráideanna le taobh an Ghairdín Cuimhneacháin. Scaiftí daoine a thaisteal suas as Corcaigh is as Cill Chainnigh; as Loch Garman is as Port Láirge is as Cill Dara is gach ceantar maguaird. Bhí siad ann ó Átha Luain is Longfort is  Ros Comain. Ceithre bhus a tháinig ó Chonamara is Gaillimh agus bhí brí is fuinneamh iontach iontu. Bhí a gcuid meirgí is placairdí, le hainm na mbailte fearainn péinteáilte orthu, chomh néata dea-dhéanta sin is go samhólfá gur i mornachan a rinneadh iad. Tháinig na céadta i dtionlacan bus ó gach cuid de Thír Chonaill, agus nach iad a thóg go croí an moladh go mba cheart éadaí dearga a chaitheamh. Bhí siad ann ina tonn mór deargrua. Bhí muintir Bhéal Feirste ann. Roinnt acu ag canadh an ‘Rocky Road to Dublin’ nó  ‘garbh’lach Bhail’ Átha Cliath’ – cé gur fada ó bhí an bóthar idir an dá mhórchathair garbh. Ní hionann le muintir an deiscirt bhí am ag na Feirstigh bróinse a bheith acu roimh chur chun bóthair. Agus bhí na Bleáchliathaigh ann ina mílte. Mic léinn cuid mhór acu. Atá i ndiaidh Gaelphobail a chruthú ar Facebook agus Twitter agus atá ar bís chun an rud céanna a dhéanamh sa fíorshaol. Bhí go leor óganaigh ann a bhí ar a gcéad léirsiú riamh ar son na Gaeilge. Agus lena dtaobh leithéidí Phádraig Ó Snodaigh, Íte Ní Cionnaith, Chiarán Ó Feinneadha agus daoine mar iad a d’fhág lorg a gcos ar bhóithre Bhaile Átha Cliath as a mhinice is a rinne siad léirsiú ar son na Gaeilge. Chonaic mé Alan Titley is a bhean Mary, Tomás Ó Monacháin agus a bhean Brighid, agus go leor leor eile de na fíréin a tháinig riamh nuair a bhí gá le daoine seasamh a thógáil ar son na teanga. Dar leat, ag breathnú na bplacaird, ag éisteacht na gcanúintí éagsúla, dar leat go raibh daoine ann ó na 32 Chontae ar fad. Agus ar ndóigh slua ó na Gaeil i gcéin. Bhí an ‘Druma Mór’ ann as Gaoth Dobhair agus buíon ceoil lena tionlacan feadh an bhealaigh. Bhí lucht an dreoilín ann as Corca Dhuibhne, iad gléasta I gcúltacha cocháin. Bhí daoine le mascanna deargrua a shamhlófá le  Amharclann na Mainistreach seachas Sráid Uí Chonaill lá geimhridh. Bhí an dineasár Gaelach T-Rex Ó Saurus ann agus an dúrud daoine ag iarraidh go dtógaí ‘selfie’ leis. ‘Selfie’ – féingraf an ea? Agus bhí na mílte duine ann a raibh croí dhearg  nó striocaí dearga péinteáilte ar a leiceann acu nó ríbíní dearga acu nó bratacha nó suaitheantas ag fógairt ‘Is Grá Liom an Ghaeilge.’ Bhí cainteanna ón ardán breá gonta. Agus ceol den scoth. Ach níorbh éigean óráidí ar Lá Mór na Gaeilge. Ar fhilleadh chuig Teach Laighean Dé Luain thig leat a bheith cinnte de gur mhothaigh na polaiteoirí macalla na rabhadh a díríodh orthu Dé Sathairn seo caite. ‘This is a Gael warning …… A severe Gael warning!’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 01:49:38

Admin/login Comments RSS

ILBF