Thiocfadh leis an Uachtarán pardún a thabhairt do Margaretta D’Arcy, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá iarrtha ag Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go
scaoilfí saor an gníomhaí frithchogaíochta Margaretta D’Arcy agus tá fáilte curtha aige roimh chuairt Sabina Higgins uirthi i bPríosún Luimnigh.

Deir Ó Clochartaigh:

Tá cuairt bhean Uí Uiginn dearfach agus is fiú a nótáíl go bhfuil sé de chumhacht ag an Uachtarán faoi Alt 13, mír 6 den Bhunreacht pardún a thabhairt do dhuine atá gafa.

Dá mba mhian leis d’fhéadfadh sé Margaretta a scoileadh saor le síniú peann.

Tá an méid atá tarlaithe do Mhargaretta mídhaonna agus gan chiall. Seo bean 79 bliain d’aois atá lag go leor agus nach bhfuil i mbarr a sláinte. Níl aon baol inti do shlándáil an Stát agus is fimínteacht den chéad scoth on stát atá ann coirpeach a dhéanamh di de bharr a cuid gníomhartha frith-chogaíochta.

Bhí gach cineál coiriúlacht agus caimiléireacht ar bun sa tir seo ag baincéirí, forbróiri agus daoine gairmiúla eile le fada, a chosain na billiúin ar an stát seo. Níor cúisiodh aon duine acu sin sna cúirteanna, ná níor chaith siad oíche ar bith sa phríosún go fóill.

Ach, tá gníomhaí síochána aosta, a bhfuil an galar Parkinson’s ag dul di, a chuireann i gcoinne míleatú aerfort sibhialta, caite i bpríosún ar feadh trí mhí.

Ba chóir d’Eamon Gilmore agus Páirtí an Lucht Oibre gníomhú le cinntiú go scaoiltear Margaretta D’Arcy saor láithreach

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 20:06:43

Admin/login Comments RSS

ILBF