Ba cheart do Bhéal Feirste aithris a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath ó thaobh na hiomána – Ó Fearghail

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Uachtarán tofa an CLG, Aogán Ó Fearghail go mbeidh sé ag iarraidh dlús a chur faoin CLG le linn dó a bheith I gceannas an Chumainn. Dar leis go bhfuil eisimléir don iomáint I mBéal Feirste óna bhfuil tite amach I mBaile Átha Cliath. ‘Labhraíonn daoine faoin infheistíocht a rinneadh I mBaile Átha Cliath’ ar seisean. ‘Ach an fíoreochar, I gcás Bhaile Átha Cliath ná an ceangal a cothaíodh idir scoileanna agus clubanna.  Déanann gach club scoil a ‘uchtú’ agus bíonn na himreoirí ag dul isteach sna scoileanna gach uile seachtain. Ní díreach faoi choinne bloc sé seachtain ach gach seachtain. Agus imríonn said an cluiche leis na páistí. Caithfimid amharc ar a macasamhail de mhúnla do Bhéal Feirste. Tá daonra iontach mór ag Beal Feirste mar aon  le líon mór clubanna is ball agus ní thuigim cad é mar nach bhfuil an iomáint níos láidre sa dara cathair. Sin dúshlán a  bheidh mé ag tabhairt aired air agus mé I mo Uachtarána. ’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 23:59:46

Admin/login Comments RSS

ILBF