‘Teip amach is amach’ breithiúnas iarAire ar Uisce Éireann

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir iarAire Sóisearach sa Roinn Timpeallachta, Fergus O’Dowd gur teip glan an dóigh a deachaigh Uisce Éireann i mbun gnóithe. Bhí an iarAire, ar chúlbhinseoir anois é, ar na polaiteoirí a bhí chun tosaigh i mbunú is feidhmiú an chomhlachta agus in alt ar an Irish Indepedent inniu lásc sé iad. Dar leis go bhfuil an cuma ar Uisce Éireann go bhfuil siad sotalach, ar nós cuma liom agus tugtha do dhéanamh praiceas de rudaí. Cháin sé go háirithe an scéal go bhfuil cultúr na mbonás chun tosaigh sa chomhlacht ó am a bhunaithe agus dúirt gur thug sé rabhadh roimh bhunú an chomhlachta go scriosfí an caidreamh leis an phobal dá mbeadh a macasamhail in Uisce Éireann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 22:11:02

Admin/login Comments RSS

ILBF