‘Teanga gan Ceol, Teanga gan Anam’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

A chairde, Táim sásta a rá gur cuireadh tús leis an gclár ‘Teanga gan Ceol, Teanga gan Anam’ ar Raidió na Life le déanaí. Beidh an clár le cloisteáil gach Aoine ag 19.30. Sa tsraith ‘Teanga gan Ceol, Teanga gan Anam’ ar Raidió na Life 106.4FM beidh mé ag dul chuig an Bhreatain Bheag chun léargas a fháil ar scéal phopcheol na tíre sin agus a thionchar ar athbheochan na Breatnaise. Ag an am céanna beidh mé ag cur na ceiste ‘An féidir linne an rud céanna bhaint amach le Popceol Gaeilge? Beidh roinnt agallaimh le ceoltóirí móra le rá, ina measc Gruff Rhys (Super Furry Animals), Katell Keinig, Cerys Matthews (Catatonia), Daithí Ó Drónaí agus Fiachna Ó Braonáin (Hothouse Flowers). Tá eagrán a haon (An Tús – Fréamhacha an Phopcheoil i mBreatnais agus an feachtas ar son chearta teanga) ar fáil anois ar soundcloud. Éistigí leis agus scaipigí an scéal! https://soundcloud.com/rnl/teanga-gan-ceol-teanga-gan-anam-eagran-a-1 Eagrán a hAon Beidh Eagrán a 2 le cloisteáil ar an Aoine beag seo ag 19.30 ar Raidió na Life 106.4FM nó ar líne ag www.raidionalife.ie/beo ar an gclár beidh mé ag díriú isteach ar an ré Punk & New-Wave agus ag caint le Gruff Rhys óna Super Furry Animals, David Edwards ó Datblygu agus Fiachna Ó Braonáin óna Hothouse Flowers. Beirigí bua, Cian Mac Cárthaigh

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:07:39

Admin/login Comments RSS

ILBF